Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Chónaí an teaghlach i dteach a máthar móir ar an tSeascann Bheag. Chuaigh sí go scoil Dhoire Beaga. Bhíodh an t-eallach le buachailleacht ar maidin sular dtéití na scoile. Dhéanadh sí pancóga, éadach do na páistí eile, dhá thoirtín achan lá agus timireacht go leor eile. Cur síos ar an obair a bhíodh le déanamh aici, an níochán agus araile. | 00:06:13 | |
Thagadh sí na bhaile go minic le cuidiú lena máthair. Bhí aon cloigeann déag de theaghlach ann. Chaitheadh sí an post a bhí aici a fhágáil agus a dhul na bhaile. Chuaigh sí fríd léir poist mar sin. Bhí uirthi amharc i ndiaidh na bpáistí sa bhaile, thagadh an bhanaltra thart ag a máthair agus bhí mála ar a rothar, shíl Nellie gur sin an áit ina mbíodh an leanbh léi. | 00:05:57 | |
Chaith sí tamall ag obair in monarcha cniotála ar an Bhunbheag. Ba Miss Logue a bhí i gceannas ar an mhonarcha sin. Ba inneall cniotála a bhí sa mhonarcha sin. | 00:04:50 | |
Teach Mhaighreaid, sin an áit a bhí seomra ag an bhean ar thug siad an chniotáil chuici. D’fhoghlaim Nellie na patrúin uilig a bhí ag a máthair. | 00:01:55 | |
An obair a bhíodh le déanamh sula dtéadh siad na scoile, buachailleacht agus eadradh, móin agus uisce le fágáil istigh. Tá an aos óg millte anois. Bhíodh an mhóin le cróigiú aici nuair a bhí sí óg. | 00:01:27 | |